agus
(Conj Coord)

An Giorria agus an Toirtís 🔊

Bhuail giorria le toirtís agus thosaigh ag spochadh as. 🔊

"A thoirtís bhoicht, féach chomh mall is atá tusa ar do chosa agus féach chomh tapaidh is atá mise. 🔊

Thug an toirtís an chluas bhodhar agus lean air ar a bhealach féin. 🔊

Bhuail rabhartha feirge an toirtís agus ar seisean, 🔊

"Tá go maith," arsa an toirtís, "ligimis don sionnach a bheith mar réiteoir eadrainn agus cuirimis chuige." 🔊

Bheadh orthu dul trasna na bpáirceanna agus síos go bun an mhóinéir chomh fada leis an gcrann mór darach, dul timpeall an chrainn agus ar ais. 🔊

Bhí go maith agus raibh go holc. 🔊

D'imigh an giorria leis ar nós na gaoithe agus níorbh fhada go dtí go raibh as radharc. 🔊

raibh aon dushlán ann dar leis agus bheartaigh go mbeadh dreas beag codlata aige féin. 🔊

Luigh siar agus níorbh fhada go dtí go raibh tromchodladh air. 🔊

Lean an toirtís ar a luas féin agus diaidh ar ndiaidh tháinig suas leis an ngiorria agus amach thairis. 🔊

Faoin am ar dhúisigh an giorria bhí an toirtís imithe thar an líne agus an rás buaite aige. 🔊

Frequency index

Alphabetical index